r/gaeilge • u/AllIrelandManager • 7h ago
Chuir mé Gaeilge agus mód Cúpla Focal i mo chluiche peile Gaelaí
Haigh, tá mé ag obair ar chluiche bainistíochta peile Gaelaí le cúpla bliain anuas. Chuir mé cnaipe ann chun athrú go héasca idir Béarla agus Gaeilge, agus tá mód eile ann freisin "Cúpla Focal". Tá na habairtí i mBéarla ach tá cúpla focal as Gaeilge.
Níl Gaeilge líofa agam féin. Tá mé ag foghlaim go mall le Duolingo agus fuair mé leabhar nua Hector le déanaí.
Don chluiche, scríobh mé an téacs le cabhair ó AI ar dtús. Ansin léigh m'athair gach líne. Chuaigh sé ar scoil trí Ghaeilge. Cheartaigh sé go leor botún, ach seans go bhfuil cúpla ceann fágtha.
Is féidir é a imirt ar líne, saor in aisce: allirelandmanager.com